Seachtain na Gaeilge – Ceardlanna ImaginationGYM

Tá clár nualach ceardlanna á reáchtáil ag ImaginationGYM® i rith Seachtain na Gaeilge 2011. Is slí spraíúil agus idirghníomhach é ceardlann ImaginationGYM® chun cabhrú le páistí teacht ar a gcuid cruthaitheacht nádúrtha agus bua ealaíne. Is ar an gcéad chlár fuaime sa tsraith, dar teideal An Choill Draíochta, atá an téama bunaithe.

Is do ghrúpa páistí, idir 7 agus 12 bhliain d’aois, a dearadh an cheardlann seo, a mhaireann uair a chloig amháin. Is féidir le ceardlanna a athrú de réir riachtanais na bpáistí o thaobh teanga. Is féidir ceardlanna a reáchtáil i leabharlanna,  i scoileanna, in ionaid ealaine nó in aon ionad eile.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin tslí ar féidir ceardlanna ImaginationGYM® a réachtáil do Sheachtain na Gaeilge, feach ar https://imaginationgym.co.uk//workshops/snag-2011, glaoch ar 01 6753522 nó seol ríomhphost chuig info@imaginationgym.com.

Tags: , , , ,